Central Bank of Ireland

10/08/2024 | Press release | Archived content

Bonn comórtha á sheoladh ag an mBanc Ceannais chun cothrom céad bliain Óglaigh na hÉireann a chomóradh

Bonn comórtha á sheoladh ag an mBanc Ceannais chun cothrom céad bliain Óglaigh na hÉireann a chomóradh

08 Deireadh Fómhair 2024Preas Ráiteas

Tá bonn comórtha, bonn profa airgid, seolta ag an mBanc Ceannais chun cothrom céad bliain Óglaigh na hÉireann a chomóradh.

Fógraíodh go foirmeálta 100 bliain ó shin i mí Dheireadh Fómhair 1924 gurbh iad Óglaigh na hÉireann na Fórsaí Cosanta.

Feictear ar an mbonn suaitheantas oifigiúil Óglaigh na hÉireann a bhaineann leis na cóir go léir. Beidh an bonn ar díol ón 10 r.n. inniu (Dé Máirt, an 8 Deireadh Fómhair 2024) ar collectorcoins.ie ar phraghas miondíola €65. Tá 2,000 bonn ar fáil.

Bhronn an Gobharnóir Gabriel Makhlouf an bonn comórtha ar Cheann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy ag searmanas speisialta i mBanc Ceannais na hÉireann.

Deir an Gobharnóir Gabriel Makhlouf: "Ba dhíol suntais bunú Óglaigh na hÉireann maidir le bonn a chur faoin stát. Céad bliain dár gcionn, is cuí ceiliúradh a dhéanamh ar an mbeart cinniúnach sin trí bhonn chomórtha a sheoladh. Tá aird freisin ar an gcrógacht phearsanta le tamall anuas a bhí ina thuar leasa agus ina chionsiocair le bearta athchóiriúcháin in Óglaigh na hÉireann. Tugann an bonn comórtha seo deis aitheantas a thabhairt d'fhir agus do mhná Óglaigh na hÉireann a rinne le céad bliain anuas fónamh ar son na hÉireann agus don chion tairbhe atá déanta, agus á dhéanamh go fóill acu, ar mhaithe leis an tsíocháin agus an ceart agus an cóir a chur chun cinn ar fud an domhain. Smaoinítear inniu go speisialta ar na hóglaigh chalma atá ar fianas thar lear faoi láthair tráth a bhfuil castacht agus contúirt i gcúrsaí an domhain. Tá siadsan go cróga i mbun a gcuid dualgais síochánaíochta i bhfad ó bhaile agus óna ndaoine muinteartha."

Dúirt Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy. "D'fhógair Ard-Chomhairle na hÉireann, an chéad lá de mhí Mheán Fómhair 1924, Óglaigh na hÉireann a chur ar bun agus táthar ó shin i leith ag féachaint le fónamh a dhéanamh don stát agus é a chosaint. Céad bliain dár gcionn, táthar i mbun comórtha agus i mbun machnaimh freisin faoi stair ilghnéitheach agus faoi thoradh feidhme na heagraíochta agus mhuintir na nÓglach ní hamháin ar an tír seo againn féin ach ar fud an domhain mar gheall ar mhisin síochánaíochta thar sáile. Tá comóradh á dhéanamh leis an mbonn comórtha seo ar mharc suntasach i stair Óglaigh na hÉireann. Is ábhar mórtais agamsa, i mo Cheann Foirne dom, an díograis, an dúthracht agus an íobairt a léiríonn gach duine d'Óglaigh na hÉireann, daoine a bhfuil sárthréithe dhéanamh an dualgais go smior iontu. Sa lá atá inniu ann, leantar ag fónamh de réir mar a rinne siad siúd a tháinig romhainn le céad bliain, in onóir don íobairt a rinne siadsan agus d'fhonn saol níos fearr a chruthú d'Éirinn agus don domhan uile san am atá romhainn. Tuigim gur ábhar buartha ag muintir na nÓglach uile in Éirinn, iad siúd atá i mbun dualgais faoi láthair agus iad siúd atá ar scor, chomh maith lena gcairde agus a gcuid gaolta, cúrsaí slándála a bheith ag dul in olcas ó tharla ionsaí ar Iosrael anuraidh. Tá sábháilteacht chomplacht na nÓglach ar an ní is tábhachtaí againn agus iad ag leanúint dá gcuid dualgas faoi mar atá sainordaithe ag an gComhairle Slándála."

CRÍOCH

Bonn bailitheoireachta an bonn profa, ní bhíonn i gceist go mbeadh a leithéid sa ghnáthchúrsaíocht. Déantar an bualadh le dísle agus le boinn bhána speisialta shnasta a fhágann cuma an scátháin mar bhailchríoch orthu.

Eisíonn an Banc Ceannais, thar ceann an Aire Airgeadais, boinn éagsúla gach bliain mar tháirgí bailitheoireachta. Cuireann Grúpa Comhairle na mBonn Bailitheireachta comhairle ar an mBanc maidir le téamaí oiriúnacha. Bíonn fáilte ag an mBanc Ceannais roimh thuairimí agus moltaí ón bpobal freisin maidir le téamaí.